Imeall Geal profile picture

Imeall Geal

About Me

Imeall Geal (Bright Edge) is the lively new Irish language chat and music show from BBC Northern Ireland. The series which begins on Thursday, January 17 on BBC Two Northern Ireland at 10pm aims to take an alternative look at pop culture in Northern Ireland.WATCH ONLINEhttp://www.bbc.co.uk/northernireland/tv/programmes/gea l/index.shtmlFronted by a new duo of presenters, Tomaí Ó Conghaile and Grainne McElwain the series will feature all the latest news and music in it’s own irreverent and passionate style. The presenters will steer an energetic and lively mix of Imeall Geal’s brand of celebrity chat, up and coming bands and audience opinion. Expect sharp humour and insight as the show promises to be frank, funny, and unpredictable.The celebrity chat in Imeall Geal will be complemented with music acts playing live to a local intimate audience. Acts featuring on the series include Director, Foy Vance, The Flaws, Jinx Lennon, Paula Flynn and The Delorentoes.Each week the programme will also showcase the best of Ulster’s unsigned bands, including Newry’s own The Beat Poets, singer songwriter Meghan Mc Williams and The Olympic Lifts.Imeall Geal is also offering a chance for young budding film makers and pranksters to show their one minute video blog, short film, comedy act, mini documentary, or rant on BBC Two Northern Ireland as part of their programme.Moira Sweeney, producer says: “Imeall Geal is the latest in alternative late night chat and music and will be edgy and stylish with a healthy dash of irreverence. The presenters and audience will not be a afraid to share their passions so expect humour and frankness to light up the Irish Language for everyone, whether or not you are a fluent speaker. If you want to know where it's at, tune in to Imeall Geal. This is the Bright Edge!”**************************************************** ************************************* Imeall Geal Clár nua siamsaíochta le taifeadh in Iúr Cinn Trá! Rachaidh Imeall Geal amach go rialta ar a 10in gach Oíche Dhéardaoin ar BBC2 ón 17ú d’Eanáir go dtí an 20ú Márta. Tá coimisiún faighte ón BBC ag an chomhlacht neamhspleách teilifíse Big Mountain Productions chun an tsraith nua siamsaíochta Gaeilge don teilifís Imeall Geal-Bright Edge a léiriú do sceideal na bliana seo chugainn agus táthar ag dúil go mór leis an tsraith chéanna. Agus ó tharla an clár irise Imeall Geal á chur le chéile agus á léiriú ar an Iúr, ní fada go mbeidh Teach Éigse Sheáin Uí Chuileannáin ina stiúideo teilifíse, lán go doras le lucht féachana ag cur fáilte roimh an tsiamsaíocht agus an ceol is fearr agus is úire in Éirinn inniu. Beidh an clár á chur i láthair ag triúr réalta nua i saol na craoltóireachta Gaeilge i gCúige Uladh, triúr a chaithfidh súil ghéar ghreannmhar ar mhórimeachtaí na hoíche agus a fhágfaidh tú sna tríthí gáirí. Ar na réaltaí sin, tá fear Iúr Cinn Trá, Tomaí Ó Conghaile, 25 (Blas BBC Raidió Uladh), Gráinne Nic Giolla Bháin (réalta óg de chuid TG4). Chomh maith le caint bheo bhríomhar, beidh grúpaí móra i saol an cheoil le cluinstin ar Imeall Geal ag seinnm do chomhluadar beag bídeach de chuid na háite. Ar na haíonna a bheas inár gcuideachta, beidh Foy Vance (‘Home Bird’ - sainamhrán an chláir Grey’s Anatomy), The Flaws (a ainmníodh le déanaí do dhá dhuais Meteor), Jinx Lennon (laoch mór de chuid Dhún Dealgan i gceol na ndaoine) agus Paula Flynn (amhránaí as Foircéal atá le cluinstin ar an fhógra is déanaí do Ballygowan), Delorentoes (Baile Átha Cliath). Agus ainmneacha móra eile atá le cinntiú … coimheád an spás seo!! Gach seachtain tabharfar tús áite don cheol is fearr nár síníodh go fóill, ina measc, as an Iúr, The Beat Poets, Delaware’s (Béal Feirste), Olympic Lifts (Béal Feirste) cinntithe. Tosóidh Imeall Geal á chraoladh Beo Dé Domhnaigh ar an 6ú lá d’Eanáir I dTeach Éigse Sheáin Uí Chuileannáin agus leanfaidh ar aghaidh go cionn naoi nDomhnach eile as a chéile ina dhiaidh sin. Tá Ticéid Saor in Aisce ar fáil anois do dhaoine ar mhaith leo bheith páirteach sa lucht féachana do gach seó ach iad dul i dteagmháil le HYPERLINK "mailto:[email protected]" [email protected] nó glaoch ar 028 30268719 chun suíochán a chur in áirithe. (Ní mór do bhaill an lucht féachana bheith thar 16 agus iarrtar orthu bheith in am. Beidh sólaistí ar fáil fosta). Tabharfaidh Imeall Geal deis fosta do scannánóirí óga agus pléiceoirí a mblag, gearrscannán, geansceite, mionchlár fáisnéise nó a thaispeáint nó a racht a ligint ar BBC2 mar chuid den chlár. Chun go roghnófar do shaothar, uaslódáil do ghearrthóg físe ar líne agus seol nasc chuig HYPERLINK "mailto:[email protected]" [email protected]. (Ní mór do do ghearrthóg físe bheith níos lú ná 75 soicind). Roghnófar gearrthóg físe amháin gach seachtain agus buafaidh na buaiteoirí duaiseanna mistéireacha a thoghfaidh ár n-aíonna cáiliúla. Big Mountain Productions Is comhlacht neamhspleách teilifíse Big Mountain Productions atá lonnaithe in Iúr Cinn Trá agus i nDún Dealgan araon. Bunaithe sa bhliain 2005, tá cláir d’ardchaighdeán curtha ar fáil ag Big Mountain do chraoltóirí as Éirinn agus as an RA ar réimse leathan ábhar. Ar na cláir fáisnéise go dtí seo tá Graham Catney (BBC) agus High Society (RTE), chomh maith leis na cláir stiúideo a raibh an-éileamh orthu Jam agus Jam the Musical (RTE). Is sraith de dheich gclár é Imeall Geal don BBC agus tosóidh a dhul amach ar an aer gach Oíche Dhéardaoin ar a 10 in ar BBC2. Beidh an seó á stiúradh go húdarásach agus go sainiúil ag ár bhfoireann léirithe a bhfuil an-taithí acu agus a bhfuil duine de speisialtóirí móra teilifíse i gcraoltóireacht na Gaeilge in Éirinn i gceannas uirthi. Tá ár bhfoireann óg léirithe ag obair ón Iúr, ag cruthú idéanna galánta chun lucht féachana an-dílis a thógáil. Tomaí Ó Conghaile Is láithreoir é Tomaí Ó Conghaile, cainteoir fuinniúil Gaeilge as Cill Shléibhe, gar don Iúr, ar Blas, clár irise Gaeilge BBC Raidió Uladh . Fuair Tomaí, 25, taithí, den chéad uair, ar shaol na meán cumarsáide ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, mar a raibh sé ina Eagarthóir Gaeilge ar Trinity News, an nuachtán mac léinn is sine in Éirinn, agus ceapadh ina Leas-Eagarthóir ar an fhoilseachán níos déanaí. I ndiaidh dó céim a bhaint amach sa Ghaeilge agus sa Spáinnis sa bhliain 2004, bhí sé ag teagasc ar chúrsaí éagsúla Gaeltachta agus ansin lean ag obair i ndomhan na meán cumarsáide leis an nuachtán laethúil Gaeilge Lá, bunaithe i mBéal Feirste. Mar iriseoir agus ina dhiaidh sin mar Leas-Eagarthóir, tá buntaithí ag Tomaí ar shaol dúshlánach na meán cumarsáside sa lá atá inniu ann. Sular thosaigh sé a obair leis an BBC, bhí baint ag Tomaí le Raidió Fáilte, stáisiún raidió phobal Gaeilge Bhéal Feirste agus ó seoladh é sa bhliain 2006, bhí sé mar chomhláithreoir ar cheann de na cláir is cáiliúla de chuid an stáisiúin, is é sin na Giollaí Deacra. Gráinne McElwaine.Is as Béal Átha an Fhóid mé, in aice leis an Bhoth i dtuaisceart Mhuineacháin. Tá roinnt mhaith blianta caite agam ag obair i gcúrsaí teilifise, go háirithe ag plé le cúrsaí spóirt ar TG4. Chaith mé ceithre bliana ag léiriú agus ag láithriú cláracha don chineál sin ach táim ag súil go mór le dúshlán nua agus a bheith páirteach in ‘Imeall Geal’ ar an BBC.Sular thosaigh mé a obair leis na meáin bhain mé céim amach sa Ghaeilge agus stair in Ollscoil Uladh i gCúil Raithin agus ina dhiaidh sin chaith mé cúpla bliain ag teagasc. Tá an-dúil agam sa spórt, casaim cúpla port ar an bhosca ceoil agus ar an fheadóg mhór agus is breá liom cúrsaí faisin!http://www.bbc.co.uk/irishhttp://www.bbc.co.uk/northe rnireland/irish/blas/arts/ceol/First show: Thursday 17/01/08 10pm BBC2 NI ************************************************************ ***************************** Eoghan McDermott ************************************************************ ***************************** Tomaí Ó ConghaileTomaí Ó Conghaile is a 25 year old energetic Gaelic speaker from Killeavy, near Newry. He currently presents Blas on BBC Radio Ulster. Tomaí got his first taste of the media at Trinity College Dublin where he was Irish Language Editor of the Trinity News. He had first-hand experience of today’s challenging media landscape as a journalist and Deputy Editor for the Irish language daily newspaper, Lá Nua. ************************************************************ ***************************** Gráinne McElwain Gráinne is a 31 year old from Ballinode beside Scotstown in North Monaghan. Gráinne received a degree in Irish and History from the University of Ulster, Coleraine. Her passion is sport, she plays a few tunes on the box and the whistle and has a passion for fashion! She has spent the last four years producing and presenting sports programmes for TG4 but is really looking forward to the challenge of taking part BBC Two Northern Ireland’s new studio programme Imeall Geal . ************************************************************ *****************************

My Interests

I'd like to meet:

Calling all young budding filmmakers and pranksters Imeall Geal is offering a chance for young budding film makers and pranksters to show their video blog, short film, comedy act, mini documentary, or rant on Imeall Geal. For your chance to be selected upload your video online and send a link to HYPERLINK "mailto:[email protected]" [email protected] Video clips must be no longer than 75seconds. One Video clip will be selected each week and the winners will win mystery prizes chosen by our Celebrity guests.
 For your chance to be in the audience for this exciting new Irish Language programme contact HYPERLINK "mailto:[email protected]" [email protected] for tickets. Filming is taking place at the Sean Holywood Arts Centre in Newry on Sunday afternoons from at 1pm between January, 13 and March 2, 2008.

My Blog

Free tickets available now!!

Due to air on thursdays at 10 pm on BBC 2 from the 17th of January, Imeall Geal is a brand new alternative magazine show. Each week we have 2 live bands, one of these is an unsigned band from NI and t...
Posted by on Fri, 21 Dec 2007 05:35:00 GMT